Rólanna deonacha

Is breá lenár n-oibrithe deonacha timpeallacht dhearfach, thacúil, fhuinniúil a chruthú do rannpháirtithe. Tugann siad tacaíocht don mhisean iomlán agus cuidíonn siad le hionaid agus le grúpaí a reáchtáil, rud a chuidíonn le daoine óga barr a n-acmhainne a bhaint amach.

Is iomaí sin ról deonach atá ann – féach go bhfeicfidh tú cad é a thig leat a dhéanamh:

Comhordaitheoirí Ionad

Seo na daoine a chruthaíonn agus a bhainistíonn an Gradam in ionad. Má bhíonn tú i do Chomhordaitheoir, beidh tú mar thaca ag na Ceannairí agus déanfaidh tú maoirseacht ar gach grúpa.

Ceannairí

Tá na Ceannairí freagrach as grúpa Gradaim. Mar cheannaire, beidh tú mar threoraí agus mar inspioráid ag daoine óga. Comhaontóidh tú a rogha gradam agus déanfaidh tú a ndul chun cinn agus a bpictiúir ar a gCártaí Measúnóra nó ar eDofE a fhaomhadh.

Measúnóirí

Déanann Measúnóirí seiceáil ar dhul chun cinn daoine óga agus comhaontaíonn siad críochnú na gcodanna éagsúla den chlár. Mar mheasúnóir, beidh gá agat le heolas ar an ghníomhaíocht a bheidh ar siúl acu agus déanfaidh tú a ndul chun cinn agus a bpictiúir ar a gCártaí Measúnóra nó ar eDofE a fhaomhadh.

Maoirseoirí

Beidh tuiscint mhaith ag maoirseoirí ar an ghníomhaíocht a roghnóidh na rannpháirtithe. Mar mhaoirseoir, cuideoidh tú leo a spriocanna a leagan amach agus buailfidh tú go rialta leo le seiceáil a dhéanamh ar a ndul chun cinn, le tabhairt faoi aon ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith ann, agus le spriocanna a choigeartú dá réir.

Is riachtanach go mbeidh Maoirseoir ann don tSluaíocht, mar is é nó í a bheidh i bhfeighil grúpa rannpháirtithe lena chinntiú go dtiocfaidh siad slán sábháilte tríd an tSluaíocht.

Oibrithe Deonacha/Cúntóirí

Is féidir le daoine fásta a bhfuil am le spáráil acu cuidiú go deonach le Ceannairí grúpaí a reáchtáil. B’fhéidir go dtabharfá tacaíocht ghinearálta, .i. riarachán, cuid amháin a reáchtáil nó sainoiliúint a thabhairt.

Cé nach mbeidh gach oibrí deonach gafa le mionreáchtáil na gclár, caithfidh gach duine comhleanúnachas a chinntiú síos tríd, na freagrachtaí a chomhroinnt agus cáilíocht an Ghradaim a chothabháil.

Read more
Young woman and and man at climbing residential
Two female participant on expedition wearing rucksacks
Young female participant highfiving young female child