Ceisteanna agus Freagraí

Cad é an rud é Comhthionscnamh na nGradam?

Is é an Gradam an gradam gnóthachtála óige is mó cáil ar domhan, a thugann deis dóibh siúd atá idir 14 agus 24 bliain d’aois barr acmhainne a bhaint amach.

Tá trí chéim sa chlár, a mbíonn Gradam Óir, Airgid nó Cré-umha dlite as iad a chríochnú amach.

Bíonn Gaisce – Gradam an Uachtaráin agus The Duke of Edinburgh’s Award ag obair i bpáirt le chéile trí Chomhthionscnamh na nGradam (JAI) le rogha a thabhairt do rannpháirtithe i dTuaisceart Éireann maidir le haitheantas ar a bhfuil gnóthaithe acu.

Is féidir leo The Duke of Edinburgh’s Award, Gaisce – Gradam an Uachtaráin nó Teastas The Duke of Edinburgh’s International Award a fháil.

Tá cónaí orm i dTuaisceart Éireann. An féidir liom Gradam an Uachtaráin a dhéanamh?

Is í oifig an DofE/JAI a dhéanann riarachán ar an chlár i dTuaisceart Éireann. Bíonn Gaisce – Gradam an Uachtaráin agus The Duke of Edinburgh’s Award ag obair i bpáirt le chéile trí Chomhthionscnamh na nGradam (JAI) le rogha a thabhairt do rannpháirtithe i dTuaisceart Éireann maidir le haitheantas ar a bhfuil gnóthaithe acu.

Nuair a bhíonn gach cuid de do chlár críochnaithe agat níl le déanamh ach a insint do do cheannaire cé acu teastas ba mhaith leat a fháil.

Is féidir leo The Duke of Edinburgh’s Award, Gaisce – Gradam an Uachtaráin nó Teastas The Duke of Edinburgh’s International Award a fháil.

Tá cónaí orm i mBaile Átha Cliath. An féidir liom The Duke of Edinburgh’s Award a dhéanamh?

I bPoblacht na hÉireann is é Gaisce – Gradam an Uachtaráin an clár atá ar fáil agus níl de theastas ar fáil ach teastas Gaisce – Gradam an Uachtaráin.

An féidir liom Gradam an Uachtaráin agus Teastas The Duke of Edinburgh’s Award a bheith agam?

Ní cheadaíonn The Duke of Edinburgh’s International Award a leithéid. Mar sin féin, ní gá duit a roghnú cé acu teastas ba mhaith leat a fháil go mbeidh gach cuid den chlár críochnaithe agat.

Is féidir leo The Duke of Edinburgh’s Award, Gaisce – Gradam an Uachtaráin nó Teastas The Duke of Edinburgh’s International Award a fháil.

Má roghnaím Gaisce – Gradam an Uachtaráin, an mbeidh bronnadh ann?

Is gnách gurb é Uachtarán na hÉireann a bhronnann Teastais Gaisce – Gradam Óir an Uachtaráin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ag an leibhéal Cré-umha agus Airgid is féidir leat freastal ar bhronnadh Chomhthionscnamh na nGradam. Bíonn siad seo ar siúl in áiteanna éagsúla.

An é Uachtarán na hÉireann a bhronnann Teastais na nGradam?

Is gnách gurb é Uachtarán na hÉireann a bhronnann Teastais Gaisce – Gradam Óir an Uachtaráin i mBaile Átha Cliath.

Cá háit a mbronntar Teastais Óir an The Duke of Edinburgh’s Award?

Bíonn Diúc Dhún Éideann nó Iarla Wessex i láthair ag gach bronnadh den Ghradam Óir. Nuair a bheidh gach cuid de do chlár críochnaithe agat is féidir leat rogha a dhéanamh cén t-ionad inar mhaith leat do ghradam a fháil. Is é an rogha ná Tuaisceart Éireann, Caisleán Chromghlinne de ghnáth, nó Albain, Pálás Holyrood de ghnáth, nó Londain, Pálás San Séamas de ghnáth.

Cá háit a mbronntar Gaisce – Gradaim Óir an Uachtaráin?

Is gnách gur i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhronnann Uachtarán na hÉireann Gaisce – Gradam Óir an Uachtaráin.

Group of young women in a group huddle
Group of young adults sitting and talking
Two young men in gym in rowing machine