Dul chun cinn a chlárú

Eolas do Rannpháirtithe

Gheobhaidh tú i do Phaca Fáilte Cártaí Measúnóra do gach cuid den chlár. Tabhair iad seo do do Mheasúnóirí, a chuirfidh a síniú le gach cuid dhifriúil de réir mar a chuirfidh tú i gcrích iad.

Más mian leat córas ar líne na nGradam, eDofE, a úsáid, is féidir leat grianghraif a thógáil de na Tuairiscí Measúnóirí agus iad a uaslódáil sa chóras. Tabhair do d’aire gurb é branda an DofE amháin atá le feiceáil ar an suíomh.

Mura mian leat an córas bainistíochta ar líne a úsáid, níl le déanamh ach na Tuairiscí Measúnóirí a thabhairt do do Cheannaire.

Eolas do Cheannairí

Tá deis ag Ceannairí Chomhthionscnamh na nGradam Tuairiscí Measúnóirí a chur isteach sa chóras ar líne ar son rannpháirtithe ach ‘Ceadanna Cláraithe do Cheannairí’ a úsáid. Dá mba mhaith leat Ceadanna Cláraithe do Cheannairí comhlánaigh an fhoirm seo.

Mura mian le Ceannairí Chomhthionscnamh na nGradam an córas ar líne a úsáid ba chóir dóibh an Fhoirm Ionchuir Rannpháirtí Réigiúnach chomhlánú agus í a chur chuig a LO in éineacht le foirm Chlárúcháin an Rannpháirtí do gach duine óg. Tá teimpléad don fhoirm chlárúcháin Rannpháirtí ar fáil anseo.

An Gradam a chríochnú

Nuair a bheidh a nGradam críochnaithe ag an rannpháirtí is gá Foirm Chríochnaithe Gradaim a chomhlánú agus a chur in éineacht le cóip den Phaca Fáilte/Cláraithe chuig an Eagraíocht Údaraithe le faomhadh a fháil.

Read more
Young female participant doing first aid with bandage on patient
Young male participant kayaking on river
Two male participant baking at cake